Buscar
Tine sa Chácóin
Cód:
491_9781782012245
Tír shuaimhneach shíochánta i dTuaisceart na hEorpa a bhí sa Chácóin tráth. Anois áfach tá sí ar coipeadh le seinea­fóibe is le sceimhlitheoireacht. Maraíodh fear ceannais na heite deise antoiscí, agus an chuma ar an scéal go bhfuil lucht a leanúna ag cromadh ar fheachtas sceimh­litheoireachta le díoltas a bhagairt ar an tsochaí go léir. Caithfidh Makar Turkan, bleachtaire, an dún­mharfóir a cheapadh sula rachaidh cúrsaí na tíre ó smacht go hiomlán.Tháinig an scéal seo i gcló an chéad uair ar an iris Ghael-Mheiriceánach An Gael i dtús na 2010idí, ach níor imigh a dhath dá thoipiciúlacht idir an dá linn.Scéinséir é seo atá bord ar bhord le himeachtaí corracha ár linne. Scéal grá é freisin. Achainí phaiseanta atá ann ar son cairdis agus muintearais, in aghaidh gach cineál ciníochais. –––Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Åbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne). Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig cúig leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 – úrscéilín agus scéalta), An Leabh­ar Nimhe (2012 &nda
Veja mais

Quem viu também viu